Skip to main content

Acht na dTeangacha Oifigiúla - Official Languages Act

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Ag obair di trí Oifig na Gaeilge dá cuid, tá Comhairle Contae an Chláir tiomanta dá hoibleagáidí reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoi Scéim Teanga Údaráis Áitiúla an Chláir a chomhlíonadh, agus don Ghaeilge a chur chun cinn agus a normalú mar theanga bheo ar fud Chontae an Chláir.

Le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, cuirtear ceanglais ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge, infheictheacht na teanga sa saol poiblí a chinntiú, agus tacú le cearta cainteoirí Gaeilge. Aithníonn Comhairle Contae an Chláir an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge dár n-oidhreacht agus dár bpobal, mar a léirítear sa chion ard cainteoirí Gaeilge sa chontae agus in Inis a bheith ainmnithe mar Líonra Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Ár nGealltanais

  • Soláthar Seirbhísí: Tá Comhairle Contae an Chláir ag obair chun infhaighteacht agus cáilíocht ár seirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú, i gcomhréir le ceanglais an Achta agus leis an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Déanaimid ár ndícheall freisin freagra a thabhairt ar gach cumarsáid sa teanga oifigiúil chéanna ina bhfaightear iad.
  • Comharthaí: Cinntítear leis an mBeartas Comharthaí Gaeilge do Chomhairle Contae an Chláir go gcuirfear ar fáil i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, gach comhartha ar a bhfuil téacs, i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus le hIonstraim Reachtúil 391/2008.
  • Earcaíocht: Tugtar breac-chuntas i Nós Imeachta Earcaíochta agus Roghnúcháin Chomhairle Contae an Chláir ar thiomantas Chomhairle Contae an Chláir do bhaill foirne a bhfuil scileanna Gaeilge acu a earcú agus do thacaíocht a thabhairt dóibh, de réir cheanglais Acht na dTeangacha Oifigiúla.
  • Fógraíocht: Tá Comhairle Contae an Chláir lántiomanta dár n-oibleagáidí reachtúla fógraíochta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. De réir alt 10A den Acht, cinntímid:
    • Gur i nGaeilge a bheidh 20% ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gComhairle gach bliain.
    • Go ndéanfar 5% ar a laghad dár mbuiséad fógraíochta bliantúil a leithdháileadh ar fhógraíocht trí Ghaeilge sna meáin Ghaeilge.
  • Córais TFC agus Sonraí Pearsanta: Tá Comhairle Contae an Chláir tiomanta dá chinntiú go mbeidh gach córas TFC a úsáidtear i seirbhísí atá os comhair an phobail cumraithe chun ainmneacha, seoltaí agus teidil a thaifeadadh agus a thaispeáint i gceart i nGaeilge, lena n-áirítear úsáid an tsínidh fhada.

Gearán a Dhéanamh

Má chreideann tú nár chomhlíon Comhairle Contae an Chláir a hoibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an rannán ábhartha nó leis an gCoimisinéir Teanga, arb é an oifig neamhspleách atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta é. Tá tuilleadh faisnéise faoi conas gearán a dhéanamh ar fáil ar ár leathanach Gearán.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat amharc ar ár mBeartas Comharthaí Gaeilge thíos.

Official Languages Act

Clare County Council, through its Oifig na Gaeilge, is committed to fulfilling its statutory obligations under the Official Languages Act and the Clare Local Authorities Language Scheme, and to promoting and normalising the Irish language as a living language throughout County Clare.

The Official Languages Act sets out requirements for public bodies to provide services through Irish, to ensure the visibility of the language in public life, and to support the rights of Irish speakers. Clare County Council recognises the importance of the Irish language to our heritage and community, as reflected in the high proportion of Irish speakers in the county and the designation of Ennis as an Irish Language Network under the Gaeltacht Act 2012.

Our Commitments

  • Service Provision: Clare County Council is working to increase the availability and quality of our services through Irish, in line with the requirements of the Act and the National Plan for Irish Language Public Services. We also endeavour to respond to all communications in the same official language in which they are received.
  • Signage: Clare County Council’s Irish Language Signage Policy ensures that all signage with text is provided in Irish, or in Irish and English, in accordance with the Official Languages Act and Statutory Instrument 391/2008.
  • Recruitment: Clare County Council’s Recruitment and Selection Procedure outlines Clare County Council’s commitment to recruiting and supporting staff with Irish language skills, as per the Official Languages Act requirements.
  • Advertising: Clare County Council is fully committed to fulfilling our statutory advertising obligations under the Official Languages Act. In accordance with Section 10A of the Act, we ensure that:
    • At least 20% of all advertising placed by the council each year is in the Irish language.
    • At least 5% of our annual advertising budget is allocated to Irish language advertising in Irish language media.
  • ICT Systems and Personal Data: Clare County Council is committed to ensuring that all ICT systems used in public-facing services are configured to correctly record and display names, addresses, and titles in Irish, including the use of the síneadh fada.

Making a Complaint

If you believe that Clare County Council has not fulfilled its obligations under the Official Languages Act, you may make a complaint to the relevant section or to An Coimisinéir Teanga, the independent office responsible for monitoring compliance with the Act. Further information on how to make a complaint is available on our Complaints page.

For more information, you can view our Irish Language Signage Policy below.

Content managed by: Corporate Services Department

Back to top