Oifig na Gaeilge
Fáilte chuig suíomh idirlíne de chuid Chomhairle Contae an Chláir.

Pictured at the launch of 'An Scéim Teanga' in Glór Irish Music Centre, Ennis on Monday October 8th (L-R) David Timlin, Director of Services and Deputy County Manager, Clare County Council; Cllr. Patricia McCarthy, Mayor of Clare and Emer Ní Fhlaitheartaigh, Irish Language Officer, Clare County Council.
Contact Us
Seirbhísí Corparáideacha,
Áras Contae an Chláir,
Bóthar Nua,
Inis,
Co. an Chláir
Guthán: (065) 6846512
R-phost: gaeilge@clarecoco.ie
- Réamhrá
- Scéim Deontais na Gaeilge
- Fóram Gaeilge an Chláir
- Seachtain na Gaeilge agus Lá Eorpach na dTeangacha
- An Scéim Teanga
- Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta
- Is Mó do Ghnó le Cúnamh ó Fhoras na Gaeilge – Interested in Making Your Business Stand Out?
Réamhrá
Tá an suíomh idirlín á chóiriú faoi láthair agus tá súil againn go mbeidh síomh dátheangach againn chomh luath agus is féidir. Má tá tú ag lorg seirbhís trí mheán na Gaeilge, seo a leanas liosta na ndaoine atá sásta déileáil leat trí Ghaeilge.
-
Seirbhísí Corparáideacha : Micheál MacConmara, Mairéad Ní Dhonnabháin
Corporate Services : Michael McNamara, Mairéad O’Donovan -
Clár na dToghthóirí : Bríd Ní Mhuinneog
Register of Electors : Bridget Minogue -
Comhshaol : Martina Ní Loingsigh, Seán Mac an Bhaird
Environment : Martina Lynch, Seán Ward -
Acmhainní Daonna : Conchúir Ó Loideáin, Máire Uí Sceacháin
Human Resources : Conor Leyden, Mary Skehan -
Ceanncheathrú na Leabharlainne : Máire Ní Chlocasaigh
Library Headquarters : Marie Clohessy -
Oifig na Gaeilge : Emer Ní Fhlaitheartaigh
Irish Office : Emer O'Flaherty -
Pleanáil : Ailish Ní Ruadhacháin, Gearóid Ó Ceallaigh, Pádraig Mac Mánus
Planning : Ailish Rohan, Gerry Kelly, Pádraig McManus -
Pleanáil - Caomhnúchán : Risteard UaCróinín
Planning - Conservation : Dick Cronin -
Pleanáil - Oidhreacht : Tomás MacConmara
Planning - Heritage -
Fáiltiú - IAPE : Edelle Ní Choisteallbha
Reception - IAPE : Edelle Costello -
Airgeadas : Deirdre Ní Samsún
Finance : Deirdre Sampson -
Comhairle Baile Chill Rois - Airgeadas : Mairéad Nic Fhlannchadha
Kilrush Town Council - Finance : Margaret Clancy -
Oifig Cheantair na Tulaí : Pádraig Ó hInse
Tulla Area Offices : Pat Henchy - Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig na Gaeilge ar (065) 6846512 nó tríd an ríomhphost chuig gaeilge@clarecoco.ie
Scéim Deontais na Gaeilge
Cuirfear deontais ar fáil go bhliantúil i gcomhair imeacht nó taispeántas a spreagfadh spéis phoiblí sa Ghaeilge agus a chuirfeadh eolas, tairbhe, agus cleachtadh na Gaeilge chun cinn nó a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán na Gaeilge sa Chontae. Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig gaeilge@clarecoco.ie. Tá an spriocdáta don bhliain seo thart, ach fógrófar an chéad scéim eile ag tús mí Eanair, 2008 agus bainfidh an Scéim seo le himeachtaí a bheidh ag tarlú idir an 1 Eanair agus an 31 Nollaig 2008. Cliceáil anseo chun fhoirm iarratais agus treoirlínte a íoslódáil.
Fóram Gaeilge an Chláir
Bunaíodh Fóram Gaeilge an Chláir chun úsáid na Gaeilge i ngach gné den saol sa Chontae a mhéadú. Is iad na haidhmeanna atá ag an bhFóram ná:
- Teagmháil idir ghrúpaí éagsúla le spriocanna dá leithéid a fheabhsú;
- Riachtanais chainteoirí Gaeilge sa Chontae a chur chun tosaigh, agus athbhreithniú a dhéanamh orthu;
- Úsáid agus infheichteacht na Gaeilge sa Chontae a mhéadú;
- Mionscrúdú a dhéanamh ar scéimeanna deontais agus tionscadail a sholáthraíonn deiseanna comhpháirtíochta i leith chur chun cinn na Gaeilge sa Chontae;
- Mionscrúdú a dhéanamh ar shamhail chur chun cinn teanga i dtíortha eile, agus conas gur féidir leo iad a chur i bhfeidhm sa Chontae.
- Clár imeachtaí don chontae do Sheachtain na Gaeilge a chomhordú.
Seachtain na Gaeilge agus Lá Eorpach na dTeangacha
Eagraítear imeachtaí éagsúla tríd an Chontae in éineacht leis an tSeirbhís Leabharlainne (www.clarelibrary.ie) agus An Clár as Gaeilge (clarasgaeilge@eircom.net) do na hocáidí seo. San áireamh tá:
- Scéalaíocht sna leabharlanna tríd an Chontae
- Scéalaíocht agus turasanna trí Mhúsaem an Chláir
- Eagraítear tógraí leis an earnáil ghnó, mar shampla biachláir a aistriú, comórtais sna fuinneoga agus srl
- Dialann na himeachtaí le linn Sheachtain na Gaieilge a fhógairt ar Clare FM
- Céardlanna i dtaobh feasacht teanga do na hiarbhunscoileanna (Lá Eorpacha na dTeangacha)
Is féidir liosta iomlán na himeachtaí don bhliain seo a fheiceáil ar www.snag.ie agus www.ecml.at
An Scéim Teanga
De réir Alt 11 d’ Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá Scéim Teanga de chuid Údaráis Áitiúla an Chláir i bhfeidhm ón 20 Lúnasa, 2007 ar feadh tréimhse trí bliana. Clúdaitear na seirbhísí a bheidh ar fáil trí mheán na Gaeilge le linn saolré na Scéime. Má tá aon tuairim nó ceist agat maidir leis seo is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Emer Ní Fhlaitheartaigh ag gaeilge@clarecoco.ie
Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta
Tá eolas i leith ranganna agus cúrsaí Gaeilge ar fud an chontae ar fáil ó Oifig na Gaeilge (gaeilge@clarecoco.ie) agus ón eagraíocht An Clár as Gaeilge (clarasgaeilge@eircom.net).
Sampla de na ranganna atá ar siúl faoi láthair
Cill Rois - Ionad Acmhainní na gClann, Sráid Talchair, Cill Rois ag tosú dé Céadaoin an 14 Samhain ó 7:00 - 9:00 i.n.
Ennis Trad Festival – Dé Sathairn an 10 Samhain ag 2:00 i.n. sa Leabharlann in Óstán an Templegate, Inis. Múinteoir – Olive Keane. Cliceáil
ar an nasc seo le haghaidh eolais breise
http://www.ennistradfestival.com/top_level/festival.asp
In order to view pdf files, a viewer programme called Adobe Acrobat Reader is required. If you do not already have Adobe Acrobat Reader you can download it for free from the Adobe Website.
Chun cáipéisí pdf a fheiceáil, tá ríomhchlár darbh ainm Adobe Acrobat Reader riachtanach. Mura bhfuil Adobe Acrobat Reader agat cheana féin, is féidir é a íoslódáil saor in aisce ón suíomh idirlín Adobe.


