You are here:

English|


An féidir liom vótáil?

Déan seiceáil chun a fháil amach an bhfuil tú cláraithe chun vóta a chaitheamh tríd ár seirbhís ar líne: Déan seiceáil ar an gclár.

Caithfidh an tÚdarás Clárúcháin bheith ar an eolas faoi shaoránacht an duine chun na toghcháin inar féidir leo vótáil, a chinntiú.

Seo a leanas an ceart vótála:

  • Tá ceart iomlán vótála ag Saoránaigh Éireannacha agus is féidir leo vótáil ag gach toghchán agus reifreann;
  • Is féidir le Saoránaigh Bhriotanacha vótáil i dToghcháin na Dála, Toghcháin na hEorpa agus sna Toghcháin Áitiúla;
  • Is féidir le Saoránaigh de chuid an AE (seachas Saoránaigh Bhriotanacha) vótáil i dToghcháin na hEorpa agus sna Toghcháin Áitiúla;
  • Is féidir le Saoránaigh nach de chuid an AE iad vótáil sna Toghcháin Áitiúla amháin.

Barr an Leathanaigh

Back to top

Content Last Updated/Reviewed: 26/02/09