You are here:

English|


Íoc ar líne as fíneálacha tráchta

Tá íocaíocht ar líne ar fáil faoi láthair i gcomhair fíneálacha a eisítear in Inis Díomáin, i Leacht Uí Chonchubhair, i Sráid na Cathrach agus ag Aillte an Mhothair. Chun íocaíocht ar líne a dhéanamh, caithfidh tú fanacht ar feadh lá amháin iomlán oibre i ndiaidh an lae ar a n-eisítear an fhíneáil. Coinnigh an admháil a fhaigheann tú mar chruthúnas ar íocaíocht.

  • Is féidir fíneáil a eisítear Dé Luain a íoc Dé Céadaoin ina dhiaidh.
  • Is féidir fíneáil a eisítear Dé Domhnaigh a íoc Dé Máirt ina dhaidh, nó Dé Céadaoin i gcás lá saoire banc Dé Luain.
  • Mura bhfuil d’fhíneáil ar fáil le haghaidh íocaíochta, déan iarracht an lá arna mhárach, le do thoil.

Coinnigh an admháil a fhaigheann tú mar chruthúnas ar íocaíocht.

Beidh na rudaí seo a leanas de dhíth ort:

VISA, Mastercard and Laser
  • Uimhir Thicéad Páirceála: Is í seo an uimhir sé dhigit ar an ticéad.
  • Uimhir Chlárúcháin na Feithicle
  • Is féidir leat cártaí Visa/Delta, Mastercard agus cártaí Léasair a úsáid.
  • Coinnigh cóip den uimhir admhála mar chruthúnas ar íocaíocht, le do thoil

Íoc ar líne anois >>


Conas is féidir íocaíocht ar líne a dhéanamh

  • Is féidir fineálacha a eisítear in Inis Díomáin, i Leacht Uí Chonchubhair, i Sráid na Cathrach agus ag Aillte an Mhothair a íoc ar líne anois.
  • Cliceáil ar an nasc/ar an gcnaipe "Íoc ar líne anois"
  • Cuir d’uimhir thicéad páirceála sa Réimse um Uimhir Thicéad Páirceála. Is í an uimhir thicéad páirceála ná uimhir sé dhigit.
  • Cuir isteach Uimhir Chlárúcháin na Feithicle gan daiseanna nó spásanna (mar shampla 08CE12355).
  • Taispeánfaidh an córas sonraí an ticéid seo. Dearbhaigh go bhfuil sonraí do thicéad ceart agus cliceáil "Ar Aghaidh".
  • Cuir isteach sonraí do chárta creidmheasa nó léasair.
  • Cuir isteach seoladh ríomhphoist le haghaidh admhála.
  • Tiocfaidh leathanach dearbhaithe aníos
  • Cliceáil ar an gcnaipe "Íoc anois" chun íocaíocht a dhéanamh.
  • Taispeánfar admháil
  • Coinnigh nó déan priontáil ar an admháil dod chuid taifid féin.

Príobháideachas agus slándáil

Déanfar próiseáil ar íocaíochtaí trí Realex, soláthraí triú páirtí do sheirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn timpeallacht slán chuid do chuid idirbhearta a chosaint. Ní seoltar eolas mar gheall ar do chárta creidmheasa/dochair lasmuigh den tsuíomh slán.

Ceisteanna

Má bhíonn ceist agat mar gheall ar fhíneáil, téigh i dteagmháil le:

hOifig Áitiúil Inis Díomáin
Bóthar na hInse
Inis Díomáin
Co. an Chláir
Guthán: (065) 7071017

Aisíocaíochtaí

Sa chás go n-íoctar ticéad páirceála trí earráid, nó gur íocadh é faoi dhó, is féidir aisíocaíocht a shocrú. Déantar cinntí i leith aisíocaíochtaí ar bhonn cás i ndiaidh cáis. Chun iarratas ar aisíoc a dhéanamh, scríobh chuig an Oifigeach Sinsearach Foirne, Oifig Áitiúil Inis Díomáin, Bóthar na hInse, Inis Díomáin, Co. an Chláir.

Back to top

Content Last Updated/Reviewed: 09/09/11